As Gaelige

Fáilte chuig Vroom-Town ar líne!

Tá go leor rudaí le déanamh anseo IN AISCE, tá cluichí iontacha le himirt, pictiúir le dathú, puzail le déanamh, agus go leor leor eile!
Cláraigh le Vroom-Town agus beidh fáil agat féin ar chluichí agus ar ghníomhaíochtaí spraíúla! Cuirimid rudaí deasa leis an suíomh go minic. Tá súil againn go dtaitneoidh an suíomh gréasáin go mór leat!! Bíodh spraoi agat!

Buail le Carachtair

BullyDozer
Píosa breá innealra a tharraingíonn caint áit ar bith a dtéann sé! Bíonn sé dána agus bíonn sé ag magadh faoi chuile dhuine. Is breá le BullyDozer go bhfuil faitíos ag na trucail eile roimhe. Tá sé ina chónaí i gCairéal Quentin.

BullyDozer
screech

Screech
Truiclín beag. Tugtar an t-ainm dó mar gheall go ndéanann a chuid coscáin scréach i gcónaí is cuma céard a dhéanann na meicneoirí chun iad a dheisiú! An-spraíúil. Ba mhaith le Screech i gcónaí a bheith níos mó ná mar atá sé. Is breá leis a bheith ag comhrá leis na trucail eile atá ina gcairde aige agus cúnamh a thabhairt dóibh. Is breá le gach duine Screech!

Tim the Tipper
Truiclín a bhfuil ómós mór ag gach duine dó. An ceannaire neamhoifigiúil i gclós Bill Byrne. Tá meas mór ag na trucail ar fad air. Ní chailleann sé an cloigeann riamh agus bíonn sé suaimhneach i gcónaí.

Tim
Theo

Theo the Tipper
Tá Theo níos sine ná an dream eile ach pearsantacht dheas aige. Tá sé ina chónaí sa chlós le blianta fada anois. Tá sé ciúin ach oibríonn sé go crua.

Nozzle – Noz a thugtar air
Is iontach an charachtar é Nozzle – má tá fadhb agat le trucail nó má tá díosal uait, tá na huirlisí agus na giuirléidí ar fad aige! Tá an-chur amach aige ar chúrsaí teicniúla agus is breá leis a bheith ag cabhrú le gach duine. Déanann sé cinnte go mbeidh gach rud ag obair i gceart!

nozzle
Bill Byrne

Bill Byrne
Úinéir chlós na dtrucailí. Tá croí mór aige seo, agus oibríonn sé go crua. An-ómós ag na trucail go léir dó (nó an chuid is mó díobh ar aon nós!)

Quentin
Úinéir Cairéil. Truiclín a bhfuil ómós mór ag gach duine dó.

quentin
Craig the Crusher
Back to Top

Craig the Crusher
Trucail séimh. Is é an jab is mó a bhíonn aige bolláin a bhriseadh i gCairéal Quentin.

An tÚdar Emer Conlon: Beathaisnéis

Bhí mé níos sine ná mar a bhíonn daoine de ghnáth nuair a thosaigh mé ag cur spéise i leabhair leanaí a scríobh.  Cosúil le gach rud eile sa saol, bhí an t-am ceart agus nuair a tháinig mo shaol gairmiúil agus mo shamhlaíocht trasna ar a chéile, cruthaíodh saol aoibhinn Vroom-Town. Thosaigh mé ar an turas seo trí bliana ó shin agus anois, tar éis go leor anonn is anall, tá sé leabhar foilsithe agam!

Tá breis is 20 bliana taithí margaíochta agam – aon bhliain déag mar Bhainisteoir Margaíochta in McElvaney Motors – Scania Dealer – agus táim sa phost sin i gcónaí. Is as sin a fhaighim an inspioráid ar ndóigh!
D’inis mé roinnt de na scéalta seo do chairde beaga atá agam agus chonaic mé an t-iontas agus an lúcháir ina n-éadan agus iad ag éisteacht leo! Thaitin Vroom-Town le leanaí óga ón tús ar fad.

Beidh cuid mhaith scéalta sa tsraith Vroom-Town – tá 15 theideal agam agus cúig leabhar eile curtha i gcrích agam. Tá mo chroí is m’anam sna leabhair agus mé ar bís go mbainfidh leanaí sult as na leabhair agus go gcuirfidh siad aithne ar na carachtair!

Back to Top
Emer

Leathanach na dTuismitheoirí
Fáilte chun rannóg na dtuismitheoirí de shuíomh Gréasáin Vroom-Town.

Is áit bhríomhar, spreagthach é Vroom-Town ar líne, áit atá ceangailte go dlúth leis an tsraith leabhar agus áit inar féidir le leanaí a bheith ag iniúchadh, a bheith mar chuid de agus áit chun roinnt le leanaí eile. Tá Vroom-Town dírithe den chuid is mó ar Bhuachaillí idir 5-8 mbliana d’aois ach cuirimid fáilte roimh gach duine!

Cuirtear ábhair thábhachtacha i láthair trínár gcarachtair chairdiúla, ábhair mar bulaíocht, daoine éagsúla agus cuirtear iompar cineálta agus freagrach chun cinn ar bhealach a bhfuil fáil air go héasca agus a fhanfaidh i gcuimhne na leanaí ar feadh píosa fada. Anseo, beidh leanaí ag foghlaim i ngan fhios dóibh féin!

Is áit speisialta é Vroom-Town inar féidir le leanaí foghlaim faoi na carachtair is fearr leo, is féidir leo rudaí nua as an bpíosa a chruthú, rudaí a fhoghlaim agus a bheith ag spraoi ar bhealach sábháilte. Gach mí, cuirtear scéala iontacha, cluichí agus gníomhaíochtaí éagsúla os comhair na mílte leanbh ar fud an domhain. Bíonn spraoi ag na leanaí i gcónaí ag imirt na gcluichí agus na ngníomhaíochtaí in aisce.

Nuair a chliceálann do leanbh ar Vroom-Town, bíonn an carachtar is fearr leo ag fanacht leo, agus cluichí agus gníomhaíochtaí spraíúla le himirt acu! Tá siad leagtha amach le scileanna réiteach-fadhbanna a mhíniú dóibh de réir mar a fhoghlaimíonn leanaí agus mar a dhéanann siad puzail nach bhfuil le fáil ach ar an suíomh seo amháin.

Tá rudaí beaga deasa le scrúdú agat i gcónaí ar an suíomh a bhfuilimid ag cur leis i gcónaí. Glacaimid gach réamhchúram is féidir le déanamh cinnte go bhfuil Vroom-Town chomh sábháilte agus is féidir. Beidh tuismitheoirí in ann a bheith cinnte i gcónaí go bhfuil a gcuid leanaí ag spraoi agus ag foghlaim i dtimpeallacht atá go hiomlán sábháilte, ar líne.

Back to Top
Story time

Siopa Ar Líne

Nuair a cuir tú mír leis an cart siopadóireachta fuinneog nua nó cluaisín wil a oscailt i do bhrabhsálaí. Is féidir leat íoc le Cárta Creidmheasa, VISA Dochair nó PayPal.

Do GACH modhanna íocaíochta, ach cliceáil ar na naisc thíos táirge, cuir do tháirge leis an cart, nuair a Seiceáil Amach cliceáil iomlán. Má tá tú ag íoc le Creidmheasa nó Cárta Dochair, le do thoil cliceáil “Ná bhfuil cuntas PayPal?” Beidh sé seo tú a chur ar do scáileán íocaíochta áit ar féidir leat é a úsáid do creidmheasa nó le cárta dochair. Go raibh maith agat as do ordú!

Back to Top
Scroll to Top