YouTube Facebook Twitter

Home

Ár Leabhair

Is áit iontach é Vroom-Town ina mbíonn gach cineál trucaile le gach cineál pearsantachta ag maireachtáil, ag cónaí agus eachtraí breátha acu. Níl uathu ach go dtiocfaidh duine éigin go dtí iad agus go mbeidh leanaí mór leo! Sa scéal seo, déanann BullyDozer iarracht Cairéal Quentin a chur trína chéile agus bíonn sé gránna le Tim agus le Theo... ach an bhfaighfear greim air...?

Sorry, this is a non-flash version of Eachtra Tim The Tippere i gCairéal Quentin Page 1
You might not have Flash installed. To download the last Flash player click here

 An tÚdar Emer Conlon: Beathaisnéis

photo---EmersmBhí mé níos sine ná mar a bhíonn daoine de ghnáth nuair a thosaigh mé ag cur spéise i leabhair leanaí a scríobh.
Cosúil le gach rud eile sa saol, bhí an t-am ceart agus nuair a tháinig mo shaol gairmiúil agus mo shamhlaíocht trasna ar a chéile, cruthaíodh saol aoibhinn Vroom-Town. Thosaigh mé ar an turas seo trí bliana ó shin agus anois, tar éis go leor anonn is anall, tá mo chéad leabhar foilsithe agam! –Eachtra Tim the Tipper i gCairéal Quentin.

Tá breis is 15 bliana taithí margaíochta agam - aon bhliain déag mar Bhainisteoir Margaíochta in McElvaney Motors – Scania Dealer and Volkswagen Commercial Vehicle Partner – agus táim sa phost sin i gcónaí. Is as sin a fhaighim an inspioráid ar ndóigh!

D'inis mé roinnt de na scéalta seo do chairde beaga atá agam agus chonaic mé an t-iontas agus an lúcháir ina n-éadan agus iad ag éisteacht leo! Thaitin Vroom-Town le leanaí óga ón tús ar fad.

Beidh cuid mhaith scéalta sa tsraith Vroom-Town – tá 35 theideal agam agus cúig leabhar eile curtha i gcrích agam. Tá mo chroí is m'anam sna leabhair agus mé ar bís go mbainfidh leanaí sult as na leabhair agus go gcuirfidh siad aithne ar na carachtair!

Tá an chéad leabhar "Eachtra Tim The Tipper i gCairéal Quentin" ar fáil i bhformhór siopaí leabhar, ar Amazon agus tá sé le ceannach ar líne anseo >>

 

 

Téarmaí & CoinníollachaCóipcheartBeartas Príobháideachta - SéanadhDéan Teagmháil Linn