YouTube Facebook Twitter

Home

Artaigealan

Téarmaí agus Coinníollacha

Fáilte chuig suíomh Gréasáin Vroom-Town.

Nuair a leanann tú ag brabhsáil agus ag úsáid an tsuímh Ghréasáin, tá tú ag aontú cloí leis na téarmaí agus coinníollacha úsáide seo a leanas agus a bheith faoi cheangal acu, agus is iad sin in éineacht lenár mbeartas príobháideachta a rialaíonn caidreamh Vroom-Town leatsa maidir leis an suíomh Gréasáin. Mura n-aontaíonn tú le haon chuid de na téarmaí agus coinníollacha seo, ná húsáid ár suíomh Gréasáin le do thoil.

Tagraíonn an téarma 'Vroom-Town' nó 'muid' d'úinéir an tsuímh Ghréasáin a bhfuil a oifig chláraithe ag 6 Park Villas Dún Dealgan Co. Lú, Éire. Tagraíonn an téarma 'tusa/tú' d'úsáideoir nó don té atá ag amharc ar ár suíomh Gréasáin. Tá úsáid an tsuímh Ghréasáin seo faoi réir na dtéarmaí úsáide seo a leanas:

  • Is ar mhaithe le siamsaíocht do linbh atá inneachar leathanaigh an tsuímh Ghréasáin seo. Is féidir an t-inneachar a athrú gan fógra a thabhairt.

  • Úsáidtear fianáin ar an suíomh Gréasáin seo chun monatóireacht a dhéanamh ar sainroghanna brabhsála. Má cheadaíonn tú fianáin a úsáid, féadfaimid an fhaisnéis phearsanta seo a leanas a stóráil: d'ainm úsáideora, do bhrabhsálaí, do sheoladh IP.

  • Tá ábhar ar an suíomh Gréasáin seo agus is muide úinéirí an ábhair sin. Áirítear leis an ábhar sin, ach níl sé teoranta dó, dearadh, leagan amach, dreach, cuma agus grafaicí. Cuirtear cosc ar atáirgeadh seachas de réir an fhógra cóipchirt, atá mar chuid de na téarmaí agus coinníollacha seo.

  • D'fhéadfaí éileamh a dhéanamh ar dhamáistí agus/nó é a bheith ina chion coiriúil úsáid neamhúdaraithe a bhaint as an suíomh Gréasáin seo.

  • D'fhéadfadh naisc chuig suíomhanna Gréasáin eile a bheith ar an suíomh Gréasáin seo freisin ó am go ham. Cuirtear na naisc seo ar fáil do do chaoithiúlacht chun faisnéis bhreise a thabhairt. Ní thugtar le fios leo go ndéanaimid formhuiniú ar an suíomh Gréasáin (na suíomhanna Gréasáin). Nílimid freagrach as inneachar an tsuímh Ghréasáin/na suíomhanna Gréasáin a bhfuil naisc chucu.

 

 

 

Téarmaí & CoinníollachaCóipcheartBeartas Príobháideachta - SéanadhDéan Teagmháil Linn